The garden of the sensesMairead BrosnanThis garden was designed to appeal to the five senses and celebrate ancient Irish history. It includes sights like a standing stone aligned with historical battle sites, textures like a replica henge to invite touch, tastes represented by a cauldron symbolizing bounty, sounds like bronze horns discovered locally, and scents from plants around a stone chair from a mountain king. The garden aims to be inviting and educate visitors about Ireland's past.
The garden of the sensesMairead BrosnanThis garden was designed to appeal to the five senses and celebrate ancient Irish history. It includes sights like a standing stone aligned with historical battle sites, textures like a replica henge to invite touch, tastes represented by a cauldron symbolizing bounty, sounds like bronze horns discovered locally, and scents from plants around a stone chair of a legendary king. The garden aims to be inviting and educate visitors about Ireland's past.
The garden of the sensesMairead BrosnanThis garden was designed to appeal to the five senses and celebrate ancient Irish history. It includes sights like a standing stone aligned with historical battle sites, textures like a replica henge to invite touch, tastes represented by a cauldron symbolizing bounty, sounds like bronze horns discovered locally, and scents from plants around a stone chair from a mountain king. The garden aims to be inviting and educate visitors about Ireland's past.
The garden of the sensesMairead BrosnanThis garden was designed to appeal to the five senses and celebrate ancient Irish history. It includes sights like a standing stone aligned with historical battle sites, textures like a replica henge to invite touch, tastes represented by a cauldron symbolizing bounty, sounds like bronze horns discovered locally, and scents from plants around a stone chair of a legendary king. The garden aims to be inviting and educate visitors about Ireland's past.
1. Éirí Amach 1916
Réamhcheisteanna :
Cathain?
Cén áit?
Cé a bhí gníomhach?
Conas a d’éirigh leo?
Nóta: Tógfaidh sé 2 lá ar a laghad é seo a mhiniú agus a thaispeáint i gceart
2. 1914 -1918 Céad Chogadh Domhanda
24ú Iúil 1914 – 11ú Samhain 1918
Bhí arm Shasana an-ghíomhach ag an am. Ghlac timpeall ar 200,000 Éireannach páirt
(Tuaisceart agus Deisceart) agus do throideadar le Sasana (an Fhrainc, Meiriceá,
Ceanada, An Astráil agus an Rúis) i gcoinne na Gearmáine, na hOstaire, na hUngáire,
na Bulgáire agus na Tuairce.
Throid cuid des na hÉireannaigh le arm Mheiriceá, Cheanada agus na hAstráile i
gcoinne na Gearmáine.
Deirtear gur maraíodh timpeall ar 50,000 Éireannach agus gortaíodh níos mó ná san
arís.
De bharr iarrachtaí polaitiúila an Rialtais Dhúchais (Home Rule), bhí tuairim ag cuid
des na hÉireannaigh go dtabharfaí níos mó saoirse d’Éirinn dá gcabhróidís le Sasana.
Bheartaigh roinnt daoine éirí amach a bheith acu in Éirinn.
B’é 1798(Loch Garman) an uair dheireanach a raibh Éirí amach mór roimhe sin.
Bhí cinn beaga ann sa bhlian 1803,1848 agus 1867.
4. An Aud agus an Asgard
An Asgard. Bád réasúnta beag – luamh (yacht): Tháinig sé i dtír i mBínn Eadair (Howth), B.Á.C. I mí Iúil
1914. Thug Erskine Childers agus a chlann 900 gunna i dtír. Deineadh é seo i lár an lae. Bhí na gunnaí
curtha i bhfolach sula thánaigh na Sasanaigh. Ní mó ná sásta a bhí na Sasanaigh agus mharaíodar
ceathrar Eireannach an tráthnóna san agus gortaíodh 38 eile i mBaile Átha Cliath.
An Aud –& Rodger Casement. Bhí cabhair le fail ón nGearmáin. Sheoladar bád lán de ghunnaí (20,000 )
agus 10 gcinn de mheaisínghunnaí.Tháinig said go Bá Thrá Lí ar an Déardaoin 20ú Aibreán – cúpla lá
luath. Gabhadh an bád, ach chuir an criú go tóin poill é ar a slí go Cóbh i gCorcaigh.Deirtear nach
raibh aon comhras raidió acu.
Mhairseáil slua ón nDaingean, chun na gunnaí a bhailiú agus dfhanadar le Cíarraígh eile that oíche in
áit ar a dtugtar ‘An Rink’ i dTrá Lí. Mhairseáileadar abhaile arís gan aon ghunnaí
Tháinig Casement é féin i dtír i U Bád ar an Satharn an 22ú (Aoine an Chéasta?). Gabhadh é agus
crocadh é i Sasana i mí Lúnasa 1916. Bhí Rí Shasana taréis bronnadh speisialta a dhéanamh air
‘Knighted’ sa bhlian 1911, de bharr a chuid oibre i bPerú agus sa Chongó.
Tá Gaelscoil Mhic Easmainn ainminithe ina dhiadh i dTrá Lí
Nuair a chuala Eoin Mac Neill nár tháinig na gunnaí i dtír, cuireadh an marsáil a bhí pleanála do
Dhomhanch Cásca ar ceal. Cuireadh fógra faoi seo sa pháipéar Domhnach. Chuaigh Pearse agus
Connolly ar aghaidh ar aon chuma leis an Eirí amach.
6. Éirí amach na Cásca 1916
Easter Rising 1916
Mhair sé ar feadh sé lá.
Tús: Luan Cásca - 24ú Aibreán 1916
Críoch: An Satharn - 29ú Aibreán 1916
Ceann Áras (Headquarters) ArdOifig an Phoist -Sráid Uí
Chonaill (Sackville Street)
7. Sráid Uí Chonaill (Sackville St) roimhis Éirí Amach na Cásca.
Ainminíodh an sráid i gcuimhne ar Dhómhnaill Uí Chonaill.
10. Eagraíochtaí a bhí Páirteach
Arm Cathartha na hÉireann
(I.C.A. – Irish Citizens Army)
Cumann na mBan
Cuid de Baill d’Óglaigh na hÉireann (Irish Volunteers)
(ní ghlacadar ar fad páirt mar go raibh Eoin Mac Néill & M.J. O Rahilly ana-mhí shásta de
bharr easpa airme)
Nóta: Thug Cathal Brugha an Arm Cathartha agus na hÓglaigh le chéile mar aon ghluaiseacht
amháin sa bhlian 1917. Ba é an IRA an toradh a bhí ar an gcomhnascadh so.
11. Ceannairí a bhí páirteach – ‘Siad seo a leanas a shínigh an forógra
(proclamation)
1. Pádraig Mac Piarais - B.Á.C. Múinteoir(Scoil Éanna), scríbhneoir, file.
2. Thomas J. Clarke – Rugadh é i Sasana. Bhí siopa grosaéra aige.
3. Seán Mac Diarmada – Co. Liatroma. Iriseoir.
4. Thomas McDonagh – Tiobraid Arainn. Ghabh sé Monarchan Jacobs.
(Bhí sé ag dul le Sagartóireacht le linn a óige) Múinteoir agus file.
5. Éamonn Ceannt - Gaillimh. Píobaire.
6.Joseph Plunkett – B.Á.C. Iriseoir agus file.
7. James Connolly – Albain. Bhí baint aige le ceardchumainn agus bhunaigh sé
Páirtí an Lucht oibre. Bhunaigh sé fhéin agus James Larkin an ICA (Irish Citizens
Army)
13. Na Daoine eile a cuireadh chun báis ná …
8.Con Colbert: Luimneach
9. Edward Daly: Luimneach - Bhí sé i gceannas ar na Ceithre Chúirteanna.
10.Seán Heuston: B.Á.C. Staisiún Heuston ainmnithe ina dhiaidh – d’oibrigh sé ann.
11.Thomas Kent: Corcaigh – Níor ghlac sé páirt in aon chor. Staisiún Kent i gCorcaigh
ainmnithe ina dhiadh.
12.John MacBride: Maigh Eó. Pósta le Maude Gonne. Throid sé i monarchan ‘Jacobs’
13.Michael Mallin: B.Á.C. Throid sé féin agus ‘Countess Markievitz i bhFaiche Naomh
Stiofán agus sa ‘Royal College of Surgeons’. Maireann a mhac fós i ‘Hong Kong’ –sagart is
ea é.
14.Michael O’Hanrahan: Loch Garman. Bhí sé fhéin agus Thomas McDonagh i gceannas ar
monarchan ‘Jacobs’.
15.William Pearse: B.Á.C. Deartháir le Pádraig Mac Piarais
16.Roger Casement: B.Á.C (crochadh i Londain é i mí Lúnasa 1916)
14. Daoine eile a ghlac páirt:
Éamonn de Valera.Bhí sé ar dhuine dos na ceannairí ar Mhuillte Uí
Bheoláin. Deirtear go rabhadar chun é a mharú ach scaoileadh
leis,toisc gur rugadh i Meiriceá é. B’as an Spáinn dá athair.
Bheadh sé ina Thaoiseach agus ina Uachtarán ina dhiaidh seo.
Míchéal Ó Coileán - Corcaigh
Cathal Brugha – B.Á.C.
Tomás Ághas as Liospóil, Co. Chiarraí.
15. Éamon De Valera – Taoiseach agus Uachtarán.
Míchéal Ó Coileán – Maraíodh é le linn an Chogadh
Cathartha i mBéal na mBláth i gCorcaigh i mí Lúnasa 1922.
16. Pádraig Mac Piarais - B.Á.C. Múinteoir,
scríbhneoir, agus file.
Chaith sé cuid mhaith dá laethanta saoire i Ros Muc, i
gConamara
Bhí an-shuim aige sa Ghaelainn.
Bhunaigh sé Scoil Éanna i Rathfearáin i mB.Á.C.
Tá an tigh samhraidh inar fhan sé le feiscint fós i Rosmuc.
Mise Éire:
Sine mé ná an Cailleach Bhéarra
Mór mo ghlóir:
Mé do rug Cú Chulainn cróga.
Mór mo náir:
Mo chlann féin a dhíol a máthair.
Mise Éire
Uaignaí mé ná an Cailleach Bhéarra.
18. Tomás Ághas
Rugadh ar an gCinn Aird i Liospóil, Co Chiarraí.
Ana-chainteoir Gaelainne ab ea é, chomh maith le bheith ina amhránaí
agus píobaire den scoth.
Tá Páirc an Ághasaigh sa Daingean, Sráid an Ághasaigh agus ‘Ashe
Memorial Hall’ i dTrá Lí ainmnithe ina onóir.
Príomhoide bunscoile ab ea é .
Bhí sé i gceannas ar an ionsaí i gCill Dhéagláin ( Ashbourne) i gCo. na Mí.
Bhí leathchéad fear féna chúram agus do ghabh sé roinnt bearaicí sa
dúthaigh sin.
Chaith sé tréimhsí i bpriosún.
Chuaigh sé ar stailc ocrais, agus cailleadh é i mí Mhéan an Fhómhair 1917.
D’fhreastal 30,000 míle duine ar a shocraid.
20. Mná cáiliúla a ghlac páirt:
Cuntaois (Countess) Markievicz: Chaith sí a hóige i Tigh Lisadell i
Sligeach. An chéad bhean a toghadh go Pairlimint Shasana.
Eilís Ní Fhearghail – Banaltra. Nuair a ghéill na hÉireannaigh, thug
sí an teachtaireacht chuig na Sasanaigh ar son Pádraig Mac Piaras.
21. Brat na hÉireann: Fuair Thomas Francis Meaghar ó Phort
Láirge é os na Francaigh de réir dealraimh. Glas,Bán agus
oráiste. Bhí an dá bhrat seo ag crochadh in ArdOifig an
Phoist le linn an Éirí amach.
22. Foirgnimh a gabhadh
ArdOifig an Phoist (G.P.O.) Ceann Áras an Éirí Amach. Pádraig Mac Piaras i gceannas anseo.
‘Liberty Hall’ - James Connolly agus an ‘Citizen Army’.
‘City Hall’ in aice le Caisleán Áth Cliath.
‘South Dublin Union’ Ospidéal Naomh Shéamais.
Faiche Naomh Stiofán agus Coláiste Ríoga na Máinlainne ‘Royal College of Surgeon’s - Bhí na
Sasanaigh ar bharr Ostán Shelbourne.
Monarchan Brioscaí ‘Jacobs’.
Muillte Uí Bheoláin agus Droichead Mount St. - Eamonn De Valera i gceannas anseo.
Na Ceithre Chúirteanna.
(Cill Dhéagláin) Ashbourne, Co. na Mí .
24. Ábhair spóirt agus uafáis ab ea é do
roinnt daoine !!!!
Bhailigh slua mór ar Shráid Uí Chonaill ar an Luan agus an Mháirt chun féachaint ar na
himeachtaí. Ábhair iontais ab ea é do chuid acu.
Bhí roinnt mhaith daoine mí-shásta ‘Glory be to God ,will you look at them breaking all the
lovely windows ’ le linn na n-ionsaithe ar Ard Oifig an Phoist.
D’ionsaigh dream ó B.Á.C. cuid des na reibiliúnaigh ar ‘Fumbally Lane’ sna ‘Liberties’,
B.Á.C. 8
Cuireadh fáilte roimh na ‘Sherwood Foresters’ i nDún Laoghaire.
Bhí an-chuid creachadóireachta (looting) ar siúl, go mórmhór ar Shráid Uí Chonaill, mar
nach raibh aon ghardaí ná saighdiúirí timpeall.
Is ar éigin go raibh an tÉirí Amach luaite san ‘Irish Times’ ar an Mháirt.
Maraíodh agus gortaíodh roinnt mhaith daoine nach raibh aon bhaint acu leis an Éirí Amach.
25. Staitisticí:
Ghlac Timpeall ar 1,250 – 1,400 Éireannach páirteach.
Mná ab ea timpeall ar 200 acu san.
Maraíodh timpeall ar 400 duine san iomlán agus gortaíodh timpeall
ar 2,000 duine. Maraíodh …….
C. 40 Leanbh.
C. 150 Sibhialtaigh.
C. 66 Reibiliúnaigh.
C. 122 Saighdiúirí agus Póilíní (D.M.P/R.I.C).
Maraíodh nach mór an méid céanna sibhialtaigh agus leanaí (190)
is reibiliúnaigh agus saighdiúirí Sasanacha (188) (foinse – Children of the Rising le
Joe Duffy)
27. An Cogadh ba mhó
Tharla sé seo amach in aice le Droichead Sráid ‘Mount’
Timpeall meán lae ar an gCéadaoin, bhí na saighdiúirí Sasanacha ag teacht ó
Dhún Laoghaire (Kingstown). Bhíodar tar éis teacht ó bhád a bhí tagtha ó
Shasana. Saighdiúirí óga gan puinn taithí ab ea a bhformhór acu.
Deineadh ionsaí orthu.
Maraíodh nó gortaíodh timpeall ar 250 san eachtra san. Sasanaigh ab ea
ana-chuid acu san (234) a maraíodh/gortaíodh.
28. An Helga, meaisínghunnaí agus breis saighdiúirí
Thug na Sasanaigh bád gunna mór (gunboat) go bun an Life.
Bhí an cumas ag an bád seo (An Helga) sliogáin (buamaí) móra a scaoileadh ó
achar fada.
Leag an Helga ‘Liberty Hall’ gan dua.
Ansan dhíríodar na gunnaí ar Ard Oifig an Phoist. Leagadh morán foirgnimh
agus dódh cuid mhaith eile.
Bhí meaisínghunnaí ag na Sasanaigh chomh maith.
Thugadar breis saighdiúirí (10,000) isteach ó Shasana agus ó áiteanna eile in
Éirinn.
Faoin Aoine bhí breis is 20,000 saighdiúirí Sasnach san ArdChathair.
Bhí ocras taghta ar formhór na gnáthdhaoine, mar nach raibh aon teacht ar
bhia le roinnt mhaith laethanta.
Thóg sé cúpla lá ar Airm an Rí iad féin a eagrú, ach nuair a dhein, ní raibh
aon seans ag na hÉireannaigh i ndáiríre.
29. An Satharn 29ú Aibreán
Bhog na reibiliúnaigh amach as Ard Oifig an Phoist tráthnóna Dé
hAoine agus bhogadar go dtí sráideanna in aice le ‘Moore St’.
Thug an Ginearál Maxwell foláireamh, “nach dtáispeánfaí aon
trócaire dóibh siúd nach raibh sásta géilleadh”.
Maraíodh cúig dhuine déag ar ‘North King Street’ in aon eachtra
amháin an lá san.
Maraíodh tábhairneoir agus a chlann, agus tar éis do Mac Piarais
seo a fheiscint, bheartaigh sé géilleadh do Arm Shasana.
30. 3ú- 12ú Bealtaine 1916
Cuireadh chun bás ceithre dhuine dhéag de cheannairí na Cásca i bPriosúin
Chill Mhaighneann (Kilmainham), B.Á.C. Cuireadh Thomas Kent chun bás i
gCorcaigh.
Crocadh Rodger Casement i Londain i Mí Lúnasa 1916.
‘The 16 of 1916’.
Cailleadh Tomás Ághas sa bhliain 1917 agus é i bpriosún ar stailc ocrais.
Gabhadh agus cuireadh timpeall ar 1,850 Éireannach go ‘Frongach’ sa
Bhreatain Bhig. Bhí cuid mhaith acu scaoilte amach arís laistigh de 7/8 mhí.
Cuireadh 650 duine go dtí áiteanna eile. Francach an leas ainm a bhíodh ag na
hÉireannaigh ar an áit.
31. Tionchar agus Éifeacht
Cé nár éirigh leis an Éirí amach, le himeacht ama d’athraigh
meon gnáthmhuintir na hÉireann.
Toghchán sa Bhreatain & Éireann i Mí na Nollag 1918.
( Ní raibh aon cheann ó 1910 toisc an Chéad Chogadh Domhanda)
D’éirigh le Sinn Féin 75 as 105 suíochán a fháil ar oileán na
hÉireann.
Bhunaíodar Rialtas Sealadach (Provisional Government).
Cogadh na Saoirse Eanáir 1919 – Iúil 1921.
Cogadh Cathartha - Meitheamh 1922 – Bealtaine 1923.